damnlyrics.com

The Pilgrim’s Song

Do labhair an tír mar theampall,

Bhí siúl na habhann boimpéiseach,

Do chrom go glúin na gleannta,

Bhí fíor na croise ar ghéaga.

Le soiscéal gaoithe d'éisteas,

Bhí naofacht ar an dtalamh,

Anseo do mhair mo chéadshearc,

Oh níor ghabhas an treo le fada.

Chonac saol mar scéal fiannaíochta

Fadó, fadó, ar maidin,

A mhúnlaigh an tslat draíochta

A bhíonn 'na láimh ag leanbh.

D'aiséirigh 'na taisléine,

Is solas ar a leacain,

Is do thionlaic mé go gléineach

Ar oilithreacht fám anam.

Anseo do mhair mo chéadshearc

Oh níor ghabhas an treo le fada.

Tá aisling ann, is eol dom í,

Ag fiuchadh i mbroinn mo shamhlaíochta,

Lasair gheal gan chorp mar ghaoith,

Agus corp oiriúnach á impí aici.

Song Discussions is protected by U.S. Patent 9401941. Other patents pending.

Enjoy the lyrics !!!