A Naoidhe Naoimh (O Holy Child) - Quadriga Consort
Page format: |
A Naoidhe Naoimh (O Holy Child) Lyrics
A Naoidhe Naoimh
Dán don Nollaig
Dia do bheatha, a naoidhe naoimh,
Isan mainséar cé taoi bocht,
Meadhrach saidhbhir atá tú
'S glórmhar id dhún féin anocht.
Míle fáilte a–nocht i gclí
Le mo chroidhe dom rígh fial;
In dá nádúir ó do-chuaidh,
Póg is fáilte uaim do Dhia.
A naoidhe bhig atá mór,
A leanbáin óig atá sean,
San mainséar ní chuire a lán
Cé nach bhfagha áit ar neamh.
Ar neamh dhíbh gan mháthair riamh,
Gan athair 'nar n-iath a-nos,
It fhírDhia riamh atá tú
Is id dhuine ar dtús a-nocht.
Dia do bheatha, a Íosa, a-rís,
Dia do bheatha i gclí ón óigh,
A ghnúis is áille nó an ghrian,
Na mílte fáilte do Dhia óg.
Uch, dá lamhainn dul is–teach —
Atá a–muigh led chead, a rí —
Le fáilte do-bhéarainn fós
Míle 'gus míle póg dhíbh.
Póg dod bhéal, a bhráthair gaoil,
Póg, a phápa naoimh, dod chois,
Póg dod láimh ós tú mo rí;
Is duit uile, a Dhia, mo thoil.
A Mhuire, a mháthair, a ógh,
Oscail doras an chró dhamh
Go n–adhrainn ardrí na ndúl —
Nach córa dhúinn ná do dhamh?
Do–ghéan seirbhís do Dhia i bhfos,
Faire go moch is go mall;
Gadhair na mbuachaill ón tsliabh
Buailfead ón triath atá fann.
An t–asal fós is an damh
Ní leigfead i ngar dom rígh;
Do–ghéan féin a n-áitsin dó —
Asal mé is bó Mhic Dé Bhí.
Do–bhéar uisce liom go moch,
Scuabfad urlár bocht Mhic Dé;
Do–ghéan tine san anam fhuar
'S tréigfead tré dhúthracht mo chorp claon.
Nighfead a bhochtbhréide dhó,
Is dá dtuga, a ógh, cead damh,
Mo cheirt féin do bhainfinn díom
Dá cur mar dhíon ar do mhac.
Ní iarrfad airgead ná ór
Acht uair san ló póg dom rígh;
Do–bhéar mo chroidhe féin uaim
'S glacaidh é mar luach an trír.
A Phádraig ón leanbhsa fuair
Bachall Íosa mar bhuaidh grás,
A ghein gan domblas id chlí,
'S a Bhrighid, bí linn de ghnáth.
A phátrúin oileán na naomh,
Faghaidh grása ó Dhia dhúinn;
Mar chruimh in uamhaidh Dé a-nocht
Glacthar bráithrín bocht ó Dhún.
Lyrics Submitted by Carel Janssen