Seolta Geala - Altan
Page format: |
Seolta Geala Lyrics
Tógfaidh muid seolta chomh hard leis an ghaoth,
Seolta Geala,
Scaoilfidh muid scóid is ní phillfidh muid choích’,
Ach ag seoladh thar farraige anonn.
Siar i gcéin, i bhfad i gcéin, gan léan, gan mhairg,
Scaoilfidh muid scóid is ní phillfidh muid choích’,
Ach ag seoladh thar farraige anonn.
Fágfaidh muid slán ag ár gcairde is ár ngaol, cairde fíora,
Is slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil,
Is muid ag seoladh thar farraige anonn.
Siar i gcéin, i bhfad i gcéin, gan lean gan mhairg,
Is slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil,
Is muid ag seoladh thar farraige anonn.
Canfaidh muid rann is sinn ag imeacht le cóir, rann is binne,
Is inseofar scéalta nár insíodh go fóill,
Is muid ag seoladh thar farraige anonn.
Siar i gcéin , i bhfad i gcéin, gan léan gan mhairg,
Is inseofar scéalta nár insíodh go fóill
Is muid ag seoladh thar farraige anonn.
Aoibhinn an saol bheith ag seoladh go síor, saol is aoibhne,
Ár n-aghaidh ar an mhuir is ár gcúl leis an tír,
Is muid ag seoladh thar farraige anonn.
Siar i gcéin, i bhfad i gcéin, gan léan gan mhairg
Ár n-aghaidh ar an mhuir is ár gcúl leis an tír,
Is muid ag seoladh thar farraige anonn.
---
Lyrics submitted by Anna.