Song: Coinnle an Linbh Íosa - Séamus Begley & Oisín Mac Diarmada



     
Page format: Left Center Right
Direct link:
BB code:
Embed:

Song: Coinnle an Linbh Íosa Lyrics


Tá coinnle an Linbh Íosa a’ soilsiú inár dtreo
i bhfuinneoigín aoltha fanfaidh Muire go ló.
Seo féile na saoithe na mbocht is na mbrón,
seo aoibhneas ár gcroíthe seo síocháin is só.
Cloigíní binne san oíche do chling,
féiríní aoibhne na Nollag dá roinnt.
Ceolta chruit shíomhar ag aingil dá seinnt
i mainséar don dtuí bhuí tá’n leanbh go doimhin.
Seo féile an Rí bhig seo féile ’bheidh buan,
a sheas trís na haoiseanna go Lá lom an Luain.
Guím Nollaig dheas aoibhinn gach síth agus suan
ar chairde mo chroíse go sroisí siad cuan.
Lyrics Submitted by L K Matamoscas

Enjoy the lyrics !!!